Teitheadh ón airm; tógadh é le cur san airm. Cur síos ar an am seo. Fuair sé litir le dhul isteach. Bhí an cogadh chor a bheith thart san am. Theith sé, chuaigh sé ar an bhealach ag cuartú oibre. Bhuail sé le scaifte romanaithe agus fuair sé obair leosan.
BRISEADH SA TÉIP, DEIREADH TAOBH 1.
Cur síos ar an am a bhí sé leo, an obair a rinne siad, an bia a bhí acu, chodlaidh siad ar rópaí. D’fhan sé leo gur tháinig sé a fhad le feirm a raibh Éireannaigh ag obair ann, fuair sé obair ar an fheirm sin. Beireadh air sa deireadh agus tugadh go Aberdeen é. Tugadh comhairle air a dhul i reisimint na hÉireann (The Royal Inniskilling Fusiliers) nuair a chuirtí ceist air cén ceann a ba mhaith leis a dhul ann, bhí an armlann (depot) san Ómaigh acu, agus go mbeadh sé ábalta imeacht leis na bhaile ansin. Rinne sé sin ach ní raibh dúil ar bith aige san airm. An obair a bhí á dhéanamh aige. Ní raibh dúil aige sa sáirsint ach oiread agus ní raibh dúil ag an sáirsint ann. Caint ar a am leis an sáirsint seo. An dóigh a théith sé sa deireadh ón tSrath Bán go Leitir Ceanainn trasna an teorainn. | 00:12:38 | |